-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Do phróifíl a ardú
Forbair do bhranda ar an gcampas
Tá neart deiseanna ar fáil duit chun teagmháil a dhéanamh lenár mic léinn agus le céimithe cumasacha san Ionad Forbartha Gairmeacha!
An bhliain acadúil seo bhí na seirbhísí go léir á gcur ar fáil go cianda agus cé nach féidir linn na deiseanna rannpháirtíochta fostóra a chuireamar ar fáil de ghnáth a ghealladh i gcónaí, tá dianmhachnamh déanta againn ar ár gcur chuige. Tá athrú ó bhonn déanta againn ar ár bpleananna agus táimid in ann tairiscint nuálaíoch a chur ar fáil duit, arna tacú ag ár bhfoireann saineolaithe agus ag ardáin atá láidir, chun an rannpháirtíocht chuí duitse a chur ar fáil duit.
Fostóir na Seachtaine
Tá áthas orainn deiseanna nua a chur ar fáil le dul i ngleic le mic léinn.
Líon teoranta áiteanna – fostóir amháin in aghaidh na seachtaine.
Le do thoil déan teagmháil linn chun eolas a fháil faoi Fhostóir na Seachtaine.
Ceardlann Infhostaitheachta
Le 3 bliana anuas, thacaigh fostóirí le mic léinn Ollscoil na Gaillimhe a gcuid scileanna a fhorbairt trí cheardlanna scileanna ar réimse ábhar. Tugann na ceardlanna seo aitheantas do mhic léinn a chríochnaíonn an Gradamh Infhostaitheachta.
Eagróidh an tIonad Forbartha Gairmeacha na ceardlann scileanna agus déanfar poiblíocht orthu i measc na mac léinn. Is féidir iad seo a bheith ar an gcampas nó ar líne.
Cuirtear fáilte ar leith roimh cheardlanna scileanna ar na hábhair seo a leanas:
- Scileanna láithriúcháin
- Cumarsáid ghnó
- Scileanna réitigh fadhbanna
- Scileanna IT (e.g. Excel, PowerPoint, OneNote)
- Teacht aniar gairme
- Scileanna agallaimh
- CVanna agus iarratais
- Na meáin shóisialta a úsáid chun post a lorg
- LinkedIn a úsáid /li>
- Tú féin a bhrandáil/Do Bhranda a fhorbairt
Le do thoil déan teagmháil linn dá mba mhaith leat tacú lenár mic léinn a gcuid scileanna a fhorbairt trí cheardlann scileanna.
Dear d’imeacht féin ar an ardán is fearr leat
D’imeacht ar líne féin á reáchtáil agat? Seol na sonraí chugainn agus mínigh an chaoi ar féidir le mic léinn a bheith páirteach. Déanfaimid fógraíocht air ar ár liosta imeachtaí
Gníomhaíochtaí ar an gCampas
An Margadh Fostaíochta
Tá roinnt Margaí Fostaíochta againn do mhic léinn le linn na bliana acadúla.
Is féidir le fostóirí seastán a chur in áirithe agus líonrú le mic léinn i suíomh neamhfhoirmiúil agus suaimhneach in áit lárnach ar an gcampas.
Ag Margaí Fostaíochta beidh an deis agat labhairt le lear mór mac léinn, imeachtaí a chur chun cinn nó aon fholúntas a d’fhéadfadh a bheith agat a fhógairt agus do phróifíl a ardú go mór ar an gcampas. Bheimis ag súil go dtiocfadh na himeachtaí seo in ionad cur i láthair cuideachtaí aonair.
Siod an méid a deir cuideachtaí a bhí páirteach roimhe seo:
‘D’éirigh thar barr leis an Margadh Fostaíochta agus b’iontach an deis a bhí ann don chuideachta labhairt le mic léinn... Bhíomar thar a bheith sásta mar gur éirigh linn plé a bheith againn le breis is leathchéad mac léinn a bhí an-spreagúil’ ‘Chas mé le go leor mac léinn suimiúil, spreagúil... Bhí stíl na hócáide thar barr’.Ceardlann dírithe ar ghairm ar leith a reáchtáil nó a bheith páirteach i seimineár
Is iomaí seimineár agus ceardlann a bhíonn ar siúl againn i rith na bliana agus bíonn baint againn chomh maith le modúil ar Oideachas faoi Ghairmeacha ar chláir áirithe. Mar shampla,
- tá ceardlanna ginearálta agus sonracha ar fáil e.g., ceardlann CV i rith Sheachtain na hInnealtóireachta
- bréagagallaimh mar chuid den ról a bhíonn againn ar an gclár Skills for Worklife don BComm
- tugann na seimineáir léargas ar an obair in earnáil ar leith (e.g., Gairmeacha sna Meáin) agus d'fhéadfadh cur i láthair gairid a bheith i gceist faoi ghairmeacha éagsúla agus/nó painéal plé le Seisiún Ceisteanna & Freagraí. Tá suim ar leith againn alumni na hOllscoile a bheith páirteach sna seimineáir seo. Inis do scéal faoi do ghairm féin – gnáthlá oibre – an todhchaí – do thuairimí – comhairle faoi thosú amach – ceisteanna & freagraí – labhairt le mic léinn.
Tabhair do bharúil faoi CVanna agus/nó bí i d’agallóir ag bréagagallamh
Mar chuid de na modúil ar Oideachas faoi Ghairmeacha agus ullmhú do shocrúchán oibre, d’fhéadfaí CVanna a athbhreithniú duine le duine agus/nó bréagagallaimh a reáchtáil le mic léinn agus aiseolas cuiditheach a thabhairt dóibh.
Bíonn an-suim againn i gcónaí lucht acmhainní daonna as tionscal gaolmhar a bheith páirteach mar go dtugann sé deis luachmhar foghlama do na mic léinn.
Urraíocht
D’fhéadfá feasacht ar do bhranda a mhéadú trí urraíocht a dhéanamh ar ócáid ghairme, ar acmhainn nó ar fhoilseachán. Tapaigh an deis dul i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Forbartha Gairmeacha trí urraíocht straitéiseach.
Tá siad seo a leanas i measc na ndeiseanna urraíochta:
- Duaiseanna ag aontaí gairme agus bróisiúir agus sceideal na n-imeachtaí a phriontáil.
- Duais as tinreamh ag ócáid ghairme (gaolmhar le do thionscal féin)
Déan teagmháil linn anois chun do shuim a léiriú iontu seo thuas.