-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Do ghairm a roghnú
Roghanna i ndiaidh na Céime
Mura bhfuil a fhios agat cad ba mhaith leat a dhéanamh tar éis na hollscoile, déan coinne le do chomhairleoir gairme chun cabhrú leat roghanna a fhiosrú.
Is é aidhm an leathanaigh seo cabhrú leat tús a chur leis an gcosán seo.
Cén chaoi a mbeidh a fhios agam céard a fheileann domsa?
Breathnaigh ar do chuid buanna (do chuid scileanna) agus cad ba mhaith leat a fháil as post (do luachanna). Tá tús maith déanta ansin agat. Cabhraíonn sé sin leat fáil amach cén cineál duine thú agus cad iad na gníomhaíochtaí a mbaineann tú taitneamh astu. Mar shampla:
Obair le maireachtáil, nó maireachtáil don obair – smaoinigh ar cad a spreagann thú. Déan machnamh freisin ar ghníomhaíochtaí le déanaí a thug fíorthuiscint duit ar ghnóthachtáil – cad iad na scileanna a bhí in úsáid agat? Smaoinigh ar an méid seo a leanas:
- An mbíonn tú i mbarr do mhaitheasa agus tú ag déileáil le daoine, nó ag cur smaointe i dtoll a chéile, nó i mbun obair phraiticiúil?
- An breá leat bheith faoi bhrú nó an fearr leat a bheith níos suaimhní?
- An maith leat a bheith i gceannas, nó arbh fhearr leat a bheith i ról tacaíochta?
- Is fiú do spéiseanna a fhiosrú chomh maith agus is féidir smaoineamh ar na cineálacha daoine a thaitníonn leat a bheith thart orthu.
Ar na hacmhainní eile a chabhróidh leat tá trialacha spéise i ngairmeacha.
Cad eile is féidir liom a dhéanamh chun a fháil amach cén ghairm bheatha a fheileann dom?
Má dhéantar scáthú ar dhuine i bpost nó in eagraíocht a bhfuil suim agat ann/inti beidh tuiscint níos fearr agat ar an bpost / ar an ngairm.
Mar an gcéanna, tabharfaidh agallamh eolais le gairmí léargas maith ar phost – rogha eile é seo ar an scáthú má tá an duine ag obair i ról nach féidir scáthú a dhéanamh air (e.g. cúram sláinte).
Bain úsáid as do líonra chun teagmhálaithe a dhéanamh (teaghlach, cairde, comharsana).
Lean mé na moltaí seo agus níl a fhios agam go fóill cá bhfuil mo thriall ... céard a dhéanfaidh mé anois?
Ní bhíonn gach duine in ann a ngairm bheatha a phleanáil ar bhealach loighciúil, simplí trí na céimeanna éagsúla a ghlacadh. Tagann cor sa saol. Athraíonn pleananna.
Cinniúint Phleanáilte an dearcadh gur féidir leat deiseanna a chruthú trí ghníomhú ar do chuid fiosrachta agus ar imeachtaí de sheans. Baineann sé le freagairt d’imeachtaí inár saol agus an deis a thapú iad a úsáid mar dheiseanna gairme agus foghlama. Dearcadh dearfach ata i gceist leis maidir le himeachtaí neamhphleanáilte agus smaoineamh ‘conas is féidir liom…’, seachas ‘ní féidir liom mar…’.
Is fiú breathnú ar roghanna le céim ar leith. Feicfidh tú raon smaointe nár smaoinigh tú orthu roimhe seo seans. Breathnaigh na leathanaigh faoi “Féach Gairmeacha” chun tús maith a dhéanamh.
Cad a tharlóidh má chinnim nach dteastaíonn slí bheatha uaim i mo réimse céime?
D’fhéadfadh sé tarlú go gcinnfeadh mac léinn tabhairt faoi ghairm bheatha atá difriúil óna gcuid staidéir reatha. De réir mar a fhaigheann tú taithí agus léargais ar phoist agus ar ghairmeacha éagsúla le linn do chuid ama san ollscoil, b’fhéidir gur mhaith leat bealaí isteach i ndisciplín eile a fhiosrú trí chúrsaí tiontaithe iarchéime nó roghanna staidéir eile.
Tá roinnt fostóirí sásta earcú ó dhisciplín ar bith – fan ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta trí CAREERS CONNECT chun go bhfeicfidh tú an méid atá á lorg ag fostóirí.
Tuilleadh roghanna
Má tá smaointe á lorg agat le haghaidh slite beatha a bhaineann le do chéim / d’ábhar roghnaithe.
Mic léinn reatha, féach an sharepoint Eolas faoi ghairmeacha beatha do mhic léinn – ní mór duit a bheith logáilte isteach i do chuntas Office365 ollscoile chun rochtain a fháil air.
Réamhiontrálaithe
• féach eolas atá ar fáil ar ár gcúrsaí, roghnaigh an cúrsa atá uait agus ansin ‘cén fáth a roghnófá an cúrsa seo’ ar an roghchlár ar chlé.
• féach físeáin ar chláir fochéime
• féach laethanta eolais
• féach físeáin ar chláir iarchéime
Naisc Sheachtracha
Léigh tuilleadh ar an ábhar seo
Mura bhfuil tuairim agat fós faoin ngairm bheatha atá uait- gradireland
Pleanáil Gairme - Careers Portal